Top Level Content Navigation:
Is mór ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB)
cinneadh Airí Iompair an AE i dtaobh na “Spéartha Oscailte” a fógraíodh ar
maidin inniu.
Is mó fós dá bharr an tábhacht atá ann go gcríochnófaí
aerstaísiún paisinéirí nua UAB (“T2”) in Aerfort Bhaile Átha Cliath as seo go
ceann trí bliana, agus rúidbhealach nua go gearr ina dhiaidh sin.
Tá gach
ceann de na tionscadail mhóra infreastruchtúir iompair seo ag staid an
achomhairc sa phróiseas pleanála. Ní foláir go gcuirfear ar fáil iad in am
trátha le go mbeidh d’acmhainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, ó thaobh
paisinéirí agus aerpháirce de, riaradh ar an trácht breise cianaistir a ghinfidh
na Spéartha Oscailte.
Gné thábhachtach amháin de T2 is ea an tsaoráid nua
Customs and Border Protection (CBP) (Custam agus Cosaint na Teorann) de chuid
Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuirfidh ar chumas paisinéirí atá ag imeacht as
Aerfort Bhaile Átha Cliath dul trí chustam na Stát Aontaithe roimh dhul ar bord
eitleáin dóibh. Beidh an tsaoráid chéanna le fáil in Aerfort na Sionainne ach ní
bheidh a chomhshamhail le fáil in aon aerfort eile san Eoraip, rud is dócha a
ghinfidh breis tráchta thrasatlantaigh idir Éire agus na Stáit
Aontaithe.
Secondary Content Navigation: