Media Centre

Moltaí casta an Rialathóra gan a bheith sách soiléir don chlár infheistíochta de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB) atá riachtanach in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá an dréachtchinneadh a d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialú Eitlíochta (“an Coimisiún”) ar maidin thar a bheith casta agus is athrú bunúsach é ar thaobh an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcúiteofar mar ba chuí le UAB aon infheistíocht a dhéanfaidh sé in infreastruchtúr nua aerfoirt.

Mar sin, caithfidh UAB an t-am is gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcinneadh agus iarrfaidh sé ar an gCoimisiún a mhíniú cé mar a rachaidh na meicníochtaí nua maoinithe atá sé a mholadh i bhfeidhm ar sholáthar na saoráidí nua a theastaíonn chomh géar sin in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Mar fhreagairt tosaigh, tá díomá ar UAB nár cheadaigh an Coimisiún an méadú measartha ar na táillí aerfoirt a chuirfeadh an tsoiléireacht iomlán maoinithe ar fáil a theastaíonn le go rachfar chun cinn leis an gclár tógála in Aerfort Bhaile Átha Cliath chomh luath agus a bheidh an gnáthamh achomharc pleanála curtha i gcrích.

Cuireann UAB fáilte roimh bhreith an Choimisiúin go bhfuil bunáite mhór chlár garthéarmach infheistíochta €1.2bn an chomhlachta riachtanach agus réasúnta maidir leis an bpraghas. Ach tá sé in amhras gur cheart an infheistíocht seo a chúiteamh trí bhíthin méadaithe a bheadh níos mó agus nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm ar na húsáideoirí ach ó 2009 amach, seachas méadú réidh céimnithe a chuirfí i bhfeidhm de réir a chéile i mbliana féin, ar soiléire dar leis an réiteach é.

Caithfidh UAB suimeanna móra caipitil a fháil ar iasacht leis an dara aerstáisiún in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus saoráidí paisinéirí agus aerpháirce eile, a mhaoiniú. Rachaidh sé i mbun comhráite leis an gCoimisiún anois d’fhonn a dhéanamh soiléir cé mar is féidir a dheimhniú don chomhlacht agus d’ábhair iasachtóirí go gcuirfear i bhfeidhm an méadú atá tar éis a churtha siar agus go gcúiteoidh sé an infheistíocht a dhéanfaidh siad leo mar ba chuí.