Media Centre

AÚABÁC chun síneadh costais luach €50m a chur le Críochfort a hAon

Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) chun síneadh costais luach €50m a chur leis an gCríochfort atá in Aerfort Bhaile Átha Cliath  i láthair na huaire.
Cruthóidh an síneadh 7,500 méadar cearnaithe, rud a thógfar i gcoirnéal iarthuaiscirt an Chríochfoirt, tuilleadh spáis do na paisinéirí, do dheascanna cláraithe agus d'áiteanna miondíoltóireachta. Déanfar an áis nua seo a chur ar fáil de réir a chéile, agus beidh an chéad chuid de ar fáil agus í in úsáid san Earrach 2008.
Tá an síneadh le Críochfort a hAon mar chuid de chlár forbartha caipitil dar costas €2bn a athchóireoidh Aerfort Bhaile Átha Cliath sna deich mbliana atá le teacht. Tá tógáil C2, soláthar rúidbhealaigh nua chomh maith le huasghrádú agus athfhorbairtí eile ar fud champas an aerfoirt ar fad mar chuid den chlár.
Dúirt Príomhfheidhmeannach ÚABÁC Declan Collier go gcuirfidh an síneadh seo ar Chíochfort a hAon, rud a chosnóidh €50m,“an spás atá de dhíth go géar ar phaisneirí ar fáil, agus go bhfeabhsóidh sé turas na bpaisinéirí in Aerfort Bhaile Átha Cliath”.
Ina theannta sin dúirt sé go bhfuil ÚABÁC ag obair ar réimse leathan feabhsúchán a chuirfidh le sásamh na bpaisinéirí i gCríochfort a hAon, chomh maith leis an tionscadal ar C2, trí acmhainn breise agus athchóirithe a chur ar fáil ann de réir a chéile. “Níl san infheistíocht seo luach €50m i gCríochfort a hAon ach tionscadal amháin i measc réimse leathan tionscadal ar mhaithe le turas na bpaisinéirí ar fad in Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú,” ar seisean. “Thar na chéad chúig bliana eile déanfaimid infheistíocht luach €450m nó mar sin i dtionscadail a bhaineann le Críochfort a hAon. San áireamh sa chaitheachas seo tá síneadh ar C1, tógáil Piara D, oibreacha naprúin nua, uasghrádú ollmhór ar bhóithre agus ar cholbhaí agus líon mór athchóirithe chomh maith le huasghrádú leathan go hinmheánach.”
Taisceadh iarratas pleanála le Comhairle Chontae Fhine Gall inniu (Déardaoin 7ú Nollaig) do Chríochfort a hAon. Ag brath ar phleanáil, tosófar ar an tógáil an bhliain seo chugainn agus críochnófar síneadh Críochfort a hAon san Fhómhar 2008.
Táthar ag cur leis an gcuid thuaidh de Chríochfort a hAon chun cabhrú leis an mborradh atá tagtha faoi phaisinéirí a bhíonn ag taisteal ó Phiara A agus Piara D nua a osclófar i bhfómhar na bliana seo chugainn. Táthar ag súil leis go mbainfidh os cionn 12 milliún paisinéir úsáid as Piaraí A agus D le linn 2008, sin méadú 40% ar líon na bpaisinéirí i láthair na huaire san áit chéanna.
Foirgneamh ar dhá urlár le hidirurlár atá san áras nua triantánach seo a mhéadóidh an críochfort faoi mar atá sé i láthair na huaire ag leibhéal an halla imeachta, ag leibhéal an halla teachta agus ag leibhéal an idirurláir. Beidh an píosa nua suite ar cholúin choincréite os cionn leibhéal na talún chun gur féidir an naprún thíos faoin bhfoirgneamh a choimeád in úsáid do na láimhseálaithe talún agus seirbhísí eile a bhaineann leis an eitilt.
Ag an leibhéal imeachta, cuirfidh an síneadh tuilleadh spáis ar fáil do limistéar cláraithe athchoimrithe, le 20 deasc cláraithe nua chomh maith le spás nach beag sa bhreis do phaisinéirí. Lastall de na hionaid slándála do phaisinéirí, cruthóidh an tionscadal spás cúrsaíochta níos mó do phaisinéirí ar a mbealach chun Piara A agus Piara D. Cuirfidh an síneadh limistéar siopadóireachta ar fáil chomh maith le limistéar bia agus dí feabhsaithe. Tiocfaidh paisinéirí ar an limistéar nua seo ag deireadh Piara A agus an "tSráid" siopadóireachta atá san aerfort i láthair na huaire, áit a gcuirfear ionad nua ar stíl café.
Bhí ADPi i gceannas ar an gcuibhreanas a dhearaigh an síneadh i gcomhar le foireann um thionscadail inmheánacha caipitil de chuid ÚABÁC. Tá ADPi, rud atá mar fho-chuideachta de chuid Aeroports de Paris, ar cheann de na príomhdhearthóirí domhanda ó thaobh críochfoirt paisinéirí de.
Idir an dá linn, tá an obair beagnach críochnaithe ar limistéar cláraithe nua ar urlár íochtair na talún i gCríochfort a hAon, agus beidh sé críochnaithe go hiomlán faoi dheireadh na bliana. Cuirfidh sé seo 25 deasc cláraithe sa bhreis ar fáil gur féidir leo freastal a dhéanamh ar ceithre mhilliúin phaisinéir gach bliain agus cabhrú chun tionchar an bhrú tráchta in Aerfort Bhaile Átha Cliath a laghdú i rith na mbuaicthréimhsí taistil, agus C2 á thógáil.

Críoch


Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh eolais:
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, ÚABÁC
Teil 01 8144107, 0876860727

Paul O’Kane, Bainisteoir Cumarsáide, Clár Forbartha Aerfoirt, ÚABÁC
Teil 01 8141897, 086 6090221
Nóta ón Eagarthóir
 
Clár Forbartha Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tá sé ar intinn ag ÚABÁC infheistíocht €2bn a dhéanamh chun Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú laistigh de dheich mbliana. Is é C2 an ghné is mó den tionscadal is é sin críochfort paisinéirí do Bhaile Átha Cliath chun oscailt san fhómhar 2009. Cosnóidh an críochfort nua €395m cé go gcosnóidh an tionscadal C2, Piara E, oibreacha naprúin, feabhsú ar chóras bóithre an champais agus uasghrádú ollmhór ar áiseanna san áireamh, beagán os cionn €600m.
Tá Piara D, limistéar imeachta nua dar costas €120m, á thógáil i láthair na huaire agus osclóidh sé san fhómhar seo chugainn. Beidh sé ar an gcéad phríomhchuid den bhonneagar a sheachadófar faoi phleananna ÚABÁC chun feabhas a chur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Cuibhreannas C1X
Tá ADPi, atá mar fhochuideachta de chuid Aeroports de Paris, ar cheann de na príomhdhearthóirí domhanda ó thaobh críochfoirt paisinéirí de agus príomhailtire C1. Tá RPS, CH2M Hill, Bruce Shaw Partnership, Broadway Malyan, agus ailtirí KMD i measc lucht an chuibhreannais.